Déantar teagmháil leis an Oifig Seirbhísí Sláinte Áitiúil de ghnáth i dtaobh gearán maidir le bia. Níl bhaineann aon chostas le gearán bia a chuireann Oifigí Seirbhís Sláinte Comhshaoil [nasc] isteach.
Má theastaíonn uait samplaí i dtaobh gearán bia a chur díreach faoi bhráid na saotharlainne, tabhair faoi deara go mbeidh na táillí seo a leanas i gceist:
Tástáil |
Táille |
Íoschostas i dtaobh gearáin maidir le bia |
€150 |
Earraí coimhthíocha a aithint |
€150 - €200 |
Orgánaigh bhia-nimhithe a aimsiú |
€200 |
Má tá tú ag plé go díreach leis an tsaotharlann faoi ghearán maidir le bia, déan na treoracha seo a leanúint:
- Ba cheart samplaí a choinneáil ina bpacáiste/staid bunaidh más féidir.
- Ba cheart na samplaí a chothú ó éilliú eile.
- Ba cheart an tsaotharlann a chur in áirithe sula gcuirtear samplaí isteach. Is féidir sonraí ar thástálacha atá ar fáil agus ar riachtanais shamplaí aonair a fháil ar an bhfón.
- Ba cheart samplaí a iompar chuig an tsaotharlann chomh minic agus is féidir tar éis iad a fháil. Má tá aon mhoill ar an seachadadh, ba cheart samplaí a chaomhnú, de rogha trí iad a reo, nó a chuisniú ar a laghad, agus a iompar i gcoimeádán cuisniúcháin.
- Nuair a dhéantar líomhain i leith boladh nó blas sainiúil a fháil ó bhia-ábhar, tabhair an oiread eolais agus is féidir ar nádúr an bholaidh nó an bhlais.
- Tá sampla d’íosmhéid 200g ag teastáil d’anailís iomlán maidir le nimhiú bia (déanfar cainníochtaí níos lú a anailísiú mura bhfuil ann ach sin).
- Ba cheart sampla cóimheasa den bhaisc chéanna, nó den táirge céanna ar a laghad, a sholáthar más cuí. Má tá amhras ann, déan teagmháil leis an tsaotharlann.
- Déan an oiread eolais agus is féidir a sholáthar maidir le nádúr an ghearáin agus le coinníollacha stórála na samplaí.
|