Is í Saotharlann an Anailísí Phoiblí, BÁC (PAL) an tSaotharlann Oifigiúil um Rialú Bia de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Déanann FSS Bhaile Átha Cliath/Laighean Láir riaradh uirthi. Cuireann an tsaotharlann seirbhís anailíse ar fáil i réimsí ceimiceán agus micribhitheolaíochta araon do FSS Bhaile Átha Cliath/Laighean Láir agus Bhaile Átha Cliath/an Oirthuaiscirt, leis na contaetha seo a leanas san áireamh:
Baile Átha Cliath , Cill Dara, Cill Mhantáin, Laois, Uíbh Fhailí, An Iarmhí, An Cabhán, Lú, An Mhí, agus Muineacháin. D’fhéadfaí Réigiún an Oirthir a thabhairt ar an réigiún seo agus tá daonra tuairim is 2 mhilliún duine sa réigiún seo.
Chomh maith le tástáil a dhéanamh ar bhia-ábhar, déantar cineálacha anailísithe eile. Ina measc - anailís ar uisce, anailís bhitheolaíoch, anailís timpeallachta agus anailís ar shamplaí ilchineálacha eile. Go deimhin is bia-ábhar é uisce agus tá an t-iniúchadh a dhéantar ar uisce inólta mar chuid riachtanach den obair rialaithe bia.
Tá PAL Bhaile Átha Cliath éagsúil ó na PAL eile agus ó na OFML eile (Saotharlanna Oifigiúla Mhicribhitheolaíochta Bia) sa mhéid go ndéantar anailísí ceimiceán agus micribhitheolaíochta faoin díon céanna. Dá bharr sin, is féidir leis an tsaotharlann seirbhís chuimsitheach sábháilteachta bia agus cáilíochta bia a sholáthar. Chomh maith leis sin, tá seirbhís uile-chuimsitheach anailísithe uisce ar fáil.
Creidiúnú
Sceideal Creidiúnaithe INAB
Ar ais go barr
Tá an creidiúnú seo a leanas ag an tsaotharlann – Caighdeán Náisiúnta ISO 17025 "General requirements for the competence of testing and calibration laboratories". Seo creidiúnú a bhronn An Bord Náisiúnta um Chreidiúnú. Tugann an Bord cuairt faireachais ar an tsaotharlann uair sa bhliain.
Is é atá i gceist leis an gcreidiúnú ná aitheantas foirmiúil go bhfuil eagraíocht inniúil tabhairt faoi ghníomhaíocht ar leith – mar shampla tástáil nó creidiúnú. Bunaítear an t-aitheantas sin ar shraith caighdeán Idirnáisiúnta agus Eorpach. Díríonn na caighdeáin sin ar shaincheisteanna ríthábhachtacha amhail inniúlacht, neamhchlaontacht agus sláine.
Córas Cáilíochta na Saotharlainne
Tá córas cáilíochta i bhfeidhm ag an tsaotharlann a chuidíonn léi a riachtanais bhainistíochta agus theicniúla de réir Chaighdeán Idirnáisiúnta 17025 a chomhlíonadh. Tá mórchlár iniúchta inmheánaigh i bhfeidhm. Déanann an clár seo iniúchadh ar an obair a dhéantar chun a chinntiú go gcloítear leis an gcóras cáilíochta.
Polasaí Cáilíochta na Saotharlainne
- Tá lucht bainistíochta na saotharlainne tiomanta do chomhlíonadh na ndea-chleachtas gairmiúil agus d’ardchaighdeáin tástála de réir mar a chuireann siad seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí.
- Bhronn an Bord Náisiúnta um Chreidiúnú creidiúnú ar an tsaotharlann i mí Mheán Fómhair 1998. Tá lucht bainistíochta na saotharlainne tiomanta do raon an chreidiúnaithe a chothú agus a fhairsingiú.
- Is é is cuspóir don chóras cáilíochta ná ardchaighdeán cáilíochta a bhaint amach agus a chothú i ngach gné d'obair na Saotharlainne.
- Tá sé mar fhreagracht ar gach ball foirne a mbíonn baint acu le gníomhaíochtaí tástála iad féin a chur ar an eolas maidir leis na cáipéisí cáilíochta atá ann agus na polasaithe agus na nósanna imeachta sna cáipéisí sin a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre.
- Tá lucht bainistíochta na saotharlainne tiomanta do chomhlíonadh Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO 17025 "General requirements for the competence of testing and calibration laboratories".
Saotharlann Tagartha Náisiúnta AE
Ar ais go barr
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 tá sé de cheangal ar Bhallstáit AE Saotharlann Tagartha Náisiúnta (NRL) a shainiú do gach Saotharlann Tagartha Pobail a ndéantar tagairt dóibh in Airteagal 32 den Rialachán, arna leasú.
Sa bhliain 2006 ceapadh an tsaotharlann seo mar an tSaotharlann Náisiúnta AE do mhíceatocsainí, Hidreacarbóin Iltimthriallacha Aramatacha agus Tadhaillábhar Bia i mBia-Ábhair. Tá sé tábhachtach don tsaotharlann gur bhain sí é seo amach agus léiríonn sé inniúlacht agus saineolas na saotharlainne toisc ardchaighdeán oibre agus díograis na foirne.
Ceapadh Saotharlann an Anailísí Phoiblí, Corcaigh, mar an NRL le haghaidh miotal trom.
I measc na bhfreagrachtaí ar NRL tá siad seo a leanas:
De réir Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 déanfaidh gach Saotharlann Tagartha Náisiúnta na nithe seo a leanas:
- Comhoibriú leis an tsaotharlann tagartha náisiúnta ina réimse inniúlachta;
- Comhordú a dhéanamh, ina réimse inniúlachta, ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag saotharlanna oifigiúla a bhfuil freagrach orthu anailís a dhéanamh ar shamplaí de réir Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.
- De réir mar is cuí, tástálacha comparáideacha a eagrú idir na saotharlanna náisiúnta oifigiúla agus a chinntiú go ndéantar tástálacha leantacha tar éis a leithéide sin de thástáil chomparáideach;
- A chinntiú go scaiptear eolas a chuireann an saotharlann tagartha Pobail ar fáil ar an Údarás agus ar shaotharlanna náisiúnta oifigiúla;
- Cúnamh eolaíochta agus teicniúil a sholáthar don Údarás le haghaidh chur i bhfeidhm na bpleananna rialaithe comhordaithe de réir Airteagal 53 de Rialachán (CB) Uimh. 882/2004.
- A bheith freagrach as saindualgais eile a thugann an Coimisiún Eorpach isteach trí mheán nósanna imeachta an choiste a ndéantar tagairt dóibh in Airteagal 62(3) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, gan dochar d’aon dualgais náisiúnta breise atá ann faoi láthair.
|