Sa bhliain 1860 faoin Act for Preventing the Adulteration of Articles of Food and Drink cuireadh Údarás Áitiúil Oifigiúil nua ar bun – An tAnailísí Poiblí. Sa bhliain 1862 bhí Baile Átha Cliath ar an tríú cathair sna hoileáin seo, tar éis Londain agus Birmingham, a fuair Anailísí Poiblí. Bhí an Dr. Charles (Siorra Charles ina dhiaidh sin) Cameron sa phost mar Anailísí Poiblí Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse an-fhada ó 1862 go dtí 1921. Ansin ceapadh Bernard Fagan ina Anailísí Poiblí agus bhí sé ag feidhmiú sa phost ó 1921 – 1956. D'oibrigh Harold Thorton sa phost ó 1956 go dtí 1967 agus an Dr. Fergus Hill ar feadh 30 bliain go dtí 1997, nuair a ceapadh Kevin Moyles, a bhí sa phost go dtí 2005. Is é an Dr. Michael O’Sullivan atá ina Anailísí Poiblí Gníomhach faoi láthair.
I laethanta tosaigh na saotharlainne, tráth a dtugtaí Saotharlann na Cathrach uirthi, bhí an tsaotharlann lonnaithe i Sráid an Chaisleáin i mBaile Átha Cliath. Bhog sí ina dhiaidh sin go dtí ceantar Mhargadh an Arbhair/Scabhat an Uain. Sa bhliain 1996 bhí an tsaotharlann rómhór don suíomh ina raibh sí agus bogadh í go dtí Ospidéal Sir Patrick Duns i Sráid na Canálach Móire Íochtarach, áit a bhfuil sí fós. Is áis úrscothach í an tsaotharlann sa lá atá inniu ann. Bíonn sí i mbun sábháilteacht bia a chinntiú do thomhaltóirí na hÉireann, i gcomhar le gníomhaireachtaí eile - Údarás um Shábháilteacht Bia na hÉireann agus An tSeirbhís Sláinte Comhshaoil ina measc. |