|
Samplaí a Bhailiú & Gabhdáin
Ar ais go Barr
Is féidir le héilliú cur isteach ar thorthaí na dtástálacha chun riandúile a mheas agus d'fhéadfadh an t-éilliú seo titim amach mar thoradh ar an gcaoi a mbailítear an sampla nó ón ngabhdán ina bhfuil an sampla. Ba chóir go mbeadh sláinteachas maith i bhfeidhm nuair atá samplaí á mbailiú. Is féidir le Sinc agus Alúmanam teacht ó phúdar a úsáidtear mar bhealaitheoir ar lámhainní aon uaire. Ní cóir gloine a úsáid do shamplaí nuair atá an méid Alúmanaim sa sampla á thástáil. Bíonn Alúmanam i bhfeadáin phlaisteacha áirithe chomh maith. Uaireanta scaoileann na nithe seo a leanas Sinc: córais le glóthach a dheighilt, stopalláin rubair, o-fháinní, agus antaithéachtáin. Scaoiltear luaidhe uaireanta ó sheiptim rubair agus ó stopalláin oráiste. Cuireann Becton Dickinson, Greiner agusSarstedt táirgí atá oiriúnach d'imscrúdú riandúl ar fáil. Féadfaidh táirgí ó tháirgeoirí eile a bheith oiriúnach, ach mura bhfuil siad marcáilte go speisialta le haghaidh anailís riandúl, is féidir deacrachtaí a bheith ann le héagsúlachtaí baisce. Ba chóir do "Fheadáin Thánaisteacha", a úsáidtear chun samplaí a stóráil agus a iompar, a bheith saor ó éilliú freisin. Is féidir úsáid a bhaint as caipíní simplí, as caipíní sciortáilte, as caipíní a brúitear síos, nó as caipíní scriú do na feadáin. Is cosúil nach fadhb mhór é an t-éilliú, seachas i gcás o-fháinní rubair (ná bain úsáid astu!). Moltar, ámh, feadáin baisce a ní le haigéad agus iad a chur ar leataobh d'anailís riandúl. D'fhéadfaí a leithéid d'fheadáin a fháil ó TekLab chomh maith.
Ba chóir fual 24 uair a bhailiú i ngabhdáin a níodh le haigéad (1 mol/lítear HNO3) agus ansin iad a ní le huisce fíorghlan. An bealach is fearr samplaí a bhailiú chun Mearcaira thomhas ná i ngabhdáin pholacharbónáite (chrua) chun nach gcaillfí aon mhearcair toisc idirleathadh. Nuair atá samplaí fuail randamacha nó slánchodanna de bhailiúcháin 24 uair á dtógáil ba chóir iad a chur i ngabhdáin steiriúla 30 ml “Universal” le caipíní plaisteacha (agus ní le caipíní miotail agus/nó líneálacha caipín rubair). Is cosúil go mbíonn na feadáin a chuireann Sterilin ar fáil saor, ar bhonn seasta, ó éilliú riandúl agus ní gá iad a ní le haigéad.
Riachtanais maidir le Toirt an tSampla
Is féidir toirteanna de 5 - 10 ml a chur i bhfeadáin bhailithe fola – sin an gnáthmhéid a ghlactar i gnáthdhálaí samplála. Is leor an méid seo de ghnáth le haghaidh cuspóirí anailíseacha agus is féidir úsáid a bhaint as an sampla chun níos mó ná dúil amháin a thomhas e.g. luaidhe & Caidmiam san fhuil nó Copar, Sinc & Seiléiniam sa séiream. Nuair atá samplaí á nglacadh ó leanaí óga agus ó dhaoine fásta a bhfuil sé deacair fuil a fháil uathu, is féidir úsáid a bhaint as feadáin bailithe péidiatraiceacha. De ghnáth déanfar iarracht anailís a dhéanamh ar shamplaí de thoirteanna an-bheag, ach sa chás seo níl mórán scóipe ann do dhearmaid, toradh aimhrialta a sheiceáil nó anailís ildúl a dhéanamh.
Riachtanais an tSampla
Ar ais go Barr
MEASÚNACHT |
SAMPLA |
TOIRT(ml) |
TOIRT ÍOSTA (ml) |
GABHDÁN 1 |
Alúmanam2 |
Plasma/Séiream |
5 |
2 |
Li-Heipirin - Speisialta |
Arsanaic |
Fuil |
10 |
5 |
K-EDTA |
Arsanaic |
Fual |
20 |
10 |
Plaisteach Steiriúil |
Caidmiam3 |
Fuil |
5 |
2 |
K-EDTA |
Caidmiam |
Fual |
20 |
5 |
Plaisteach Steiriúil |
Copar |
Plasma/Séiream |
5 |
2 |
Gan antaithéachtán |
Copar |
Fual |
20 |
10 |
Plaisteach Steiriúil |
Luaidhe4 |
Fuil |
5 |
2 |
K-EDTA |
Luaidhe |
Fual |
20 |
10 |
Plaisteach Steiriúil |
Mearcair |
Fuil |
10 |
5 |
Li-Heipirin |
Mearcair |
Fual |
20 |
10 |
Plaisteach Steiriúil |
Seiléiniam |
Plasma/Séiream |
5 |
2 |
Gan antaithéachtán |
Sinc5 |
Séiream |
5 |
2 |
Gan antaithéachtán |
Nótaí ag gabháil leis an Tábla
- Ba chóir úsáid a bhaint as feadáin bhailithe atá deimhnithe le haghaidh anailís riandúl nuair is féidir. D’fhéadfadh feadáin nach bhfuil deimhnithe dá leithéid a bheith sásúil, ach ní féidir in-atáirgeacht a chinntiú idir bhaisceanna. Déan iarracht feadáin a sheachaint ina bhfuil glóthach deighilte.
- Ní cóir feadáin bhailithe ghloine a úsáid – d'fhéadfadh éilliú a tharlú toisc an t-alúmanam a bheith ag láisteadh ón ngloine.
- Seachain feadáin le caipíní oráiste – d’fhéadfadh go bhfuil Caidmiam in úsáid iontu don dath.
- Seachain feadáin a bhfuil caipín annalach “leata” orthu le seipteam rubair – d’fhéadfadh éilliú a eascairt as Luaidhe a úsáideadh nuair a bhí na caipíní á dtáirgeadh. Tá feadáin den chineál Vacutainer sásúil mar fheadáin. Uaireanta bíonn méideanna beaga, ach suntasacha, Luaidhe i bhfeadáin Sarsted 1.3 ml K-EDTA. Tá a gcomhionann le Li-Heipirin sásúil mar fheadáin.
- Is fearr feadáin gan antaithéactháin a úsáid, murar dearadh an feadán go speisialta do "riandúile". Seachain feadáin a bhaineann úsáid as córais chun glóthán a dheighilt agus as feadáin stórála le caipíní séalaithe le o-fháinne - is dócha go bhfuil na feadáin seo éillithe le Sinc.
|