Baile | Scip. Nasc. | Teagmháil linn | Mapa den suíomh | Rochtain / Cabhair    
   HSE Logo

English | Gaeilge   

Saotharlann an Anailísí Phoiblí

Báile Átha Cliath

Lady with petri dish Man weith test tube Lady with test tube Lady
   
      
Baile > Rialú Reachtúil an Bhia

Rialú Reachtúil Bia

Is é an dualgas reachtúil atá ar Shaotharlann an Anailísí Poiblí ná bia a thástáil i dtaobh comhlíonta leis an reachtaíocht agus leis na treoir ábhartha. Tá ról ríthábhachtach ag an Saotharlann maidir le sábháilteacht bia trí fhianaise oibiachtúil eolaíoch a chur ar fáil i dtaobh shábháilteacht agus chaighdeán an bhia a ithimid. Cuireann an saotharlann sonraí ar fáil chun measúnú agus anailís priacail cuí ar bhia a dhéanamh.

Tá Saotharlann an Anailísí Phoiblí, Baile Átha Cliath (SAP) faoi riaracháin Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte Bhaile Átha Cliath Laighean-Láir. Is saotharlann í de chuid Seirbhís Shaotharlainne um Shábháilteacht Bia (SSSB) de Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte (FSS), lena mbaineann trí Shaotharlann Anailísí Phoiblí agus seacht Saotharlann Oifigiúla um Micribhitheolaíocht Bia. Is cuid lárnach den SAP í ceann de na saotharlanna seo, atá lonnaithe ar an láthair céanna. Saotharlanna Sábháilteachta Bia FSS

Ba chéim mhór chun cinn é tús na bliana 2006 maidir le sábháilteacht bia san AE nuair a cuireadh líon mór de reachtaíocht nuashonraithe ar bhia agus ar bheathú i bhfeidhm. Tá an pacáiste sábháilteachta bia go príomha i measc na reachtaíochta seo. Cuireadh Rialachán 2073/2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha d’ábhair bhia i bhfeidhm freisin ag tús 2006.

Leagann Rialachán an AE 178/2002 síos na prionsabail ghinearálta agus riachtanais an dlí faoi bhia agus na nósanna imeachta i gcúrsaí a bhaineann le sábháilteacht bia. Déanann an Rialacháin an túdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a bhunú freisin.

Déanann an pacáiste dlí faoi shláinteachas bia de chuid an Choimisiúin Eorpaigh comhchuibhiú agus simpliú ar na riachtanais sláinteachais thar a bheith casta a bhí ann roimhe sin. Tá cúig mhórphíosa reachtaíochta sa phacáiste a chlúdaíonn réimsí mar sláinteachas bia-ábhair agus rialacha sláinteachais ar leith maidir le bia de bhunadh ainmhíoch. Cuireann “Rialachán an AE maidir le rialúcháin oifigiúla a dhéantar chun deimhniúchán le dlí faoi bheathú agus faoi bhia, rialacha faoi shláinte agus faoi leas ainmhithe a chinntiú” síos go mion ar an gcaoi ina gcaithfear na prionsabail i Rialachán 178/2002 a léiriú agus a fheidhmiú. Ó 1 Eanáir 2006 déanann Rialachán 882/2004 aisghairm ar roinnt Achtanna um Rialachán Bia a bhí ann roimhe sin.

Custom Search
   
  Site Designed & Developed by HSE
  eServices Department