Aistríonn an tAcht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann 1998, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 1999, an fhreagracht ar fad maidir le sábháilteacht bia náisiúnta chuig Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ). Comhlíonann ÚSBÉ an dualgas seo trí Chonartha Seirbhíse a dhéanamh idir an tÚdarás agus na Gníomhaireachtaí Oifigiúla lena n-áirítear Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte (FSS). Tháinig an tríú conradh seirbhíse idir FSS agus ÚSBÉ i bhfeidhm an 1 Eanáir 2006 agus mairfidh sé go dtí an 31 Nollaig 2008. Dearbhaíonn an Conradh go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht Oifigiúil (.i. FSS), ina limistéar feidhme ar son agus mar ghníomhaire an Údaráis (inter alia) –
Bia, lena n-áirítear comhábhair bia, a iniúchadh, a shampláil agus a anailísiú, agus lipéadú bia a iniúchadh agus a anailísiú,chun comhlíonadh reachtaíochta bia a chinneadh.
Cuireann Saotharlann an Anailísí Phoiblí Bhaile Átha Cliath an tseirbhís anailíseach seo ar fáil, i bpáirtíocht le Saotharlanna Sábháilteachta Bia eile de chuid FSS. Déanann an tsaotharlann bia-ábhair a anailísiú ar leas na sláinte poiblí agus chosaint an tomhaltóra. Tá impleachtaí tábhachtachta eacnamaíocha do ról na hÉireann mar mhór-easpórtálaí bia ag baint le táirgeadh bhia shábháilte freisin. |