Inrochtaineacht Suímh
Ag teacht le spriocanna eEurope ar inrochtaineacht, tá Rialtas na hÉireann tar éis moltaí a dhéanamh maidir le suímh Éireannacha; tugadh cuireadh don Údarás Náisiúnta Míchumais (NDA) monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sa réimse seo. Déantar treoirlínte WCAG (Web Content Accessibility Guidelines) a roinnt mar seo a leanas: seicphointí Tosaíochta 1, 2 agus 3. Mar íosriachtanas inrochtaineachta ní mór do shuímh Ghréasáin gach riachtanas do sheicphointí tosaíochta 1 agus 2 a chomhlíonadh. Má chomhlíonann suíomh Gréasáin riachtanais seichphointí tosaíochta 1 agus 2 deirtear go bhfuil an suíomh sin de réir WAI AA.
An aidhm atá againn ná feabhas a chur ar rochtain an tsuímh do dhaoine a bhfuil deacrachtaí fisiceacha agus foghlama acu, agus iarracht an suíomh a dhéanamh níos inrochtana dóibh siúd a bhfuil ríomhairí pearsanta nó cainéil chumarsáide ísealsonraíochta acu. Beimid ag déanamh tagarmhairc ar an suíomh go rialta ag baint úsáide as treoirlínte inrochtaineachta W3C/WAIchun an caighdeán AAA a bhaint amach, ach i láthair na huaire táimid ag leibhéal oiriúna AA.
Leagan Amach Leathanaigh agus Nascleanúint
Tá ceithre rannán ar gach leathanach
Cuardach – Déan d'fhocal nó do fhrása cuardaigh a chlóscríobh agus lorgóidh ant-inneall cuardaigh torthaí do gach inneachar ábhartha ar an suíomh Gréasáin, PDF agus formáidí doiciméid eile san áireamh
Nascleanúint ar Thaobh na Láimhe Clé – Nascann sé leis príomhrannáin Shuíomh Gréasáin Ospidéal Uí Chonghaile Baile Bhlainséir.
Fo-Nascleanúint – Nuair a roghnaíonn tú catagóir ar an mbarra roghcláir ar chlé tá naisc fho-nascleanúna eile ar fáil don rannán sin
Naisc Bhreise ar gach leathanach – Scipeáil Nascleanúint, Baile, Teagmháil, Mapa Suímh, Séanadh, Polasaí Príobháideachta, Naisc, Aiseolas.
Breisiúcháin Inrochtaineachta
Scipeáil nascleanúint – cnaipe ar bharr an tsuímh sa chúinne ar dheis a cheadaíonn don úsáideoir na naisc nascleanúna a scipeáil agus dul díreach chuig an gcéad chuid eile d'inneachar an tsuímh.
Íomhánna – Soláthraítear Malairt Téacs do gach íomhá agus do gach cnaipe cineáil íomhá agus do fho-nascleanúintí. Níl aon ghluaiseacht ná caochadh in aon cheann de na híomhánna. Soláthraítear téacs coibhéiseach do gach eilimint neamhthéacs.
Dath – Níl an suíomh ag brath ar dhath chun ábhar a chur in iúl. Tá dóthain codarsnachta sna híomhánna dóibh siúd a bhfuil radharc dhathuireasach acu.
Stílbhileoga - Is féidir gach doiciméad a léamh gan úsáid a bhaint as Stílbhileoga.
Teanga – Baintear úsáid as teanga shoiléir shimplí nuair is féidir. Seachnaítear béarlagair agus téarmaí teicniúla.
Socrú méide coibhneasta agus suí – tá sé seo in úsáid ar fud an tsuímh ach amháin i roinnt táblaí leagain amach a úsáideann dearbhshocrú méide. Tá an suíomh optamaithe le haghaidh taifeach 800x600 ag baint úsáide as dearbhthoisí.
Gléas Ionchurtha – Comhéadan neamhspleách ar ghléas, is féidir nascleanúint a dhéanamh tríd an suíomh ag baint úsáide as an méarchlár.
Scripteanna – Baintear úsáid as Javascript i roinnt áiteanna ar an suíomh. Sholáthraíomar malairt leagain nuair ab fhéidir d'úsáideoirí nach bhfuil cumas scripteála ag a ríomhaire. Níl sé seo indéanta, áfach, lenár n-inneall cuardaigh. Bhaineamar úsáid as eilimint neamhscripte chun é seo a chur in iúl d'úsáideoirí.
Meiteashonraí – Le haghaidh comhsheasmhachta agus éascachta úsáide, tá caighdeáinDublin Core Metadata in úsáid ar fud an tsuímh.
Féach nasc le haicearraí méarchláir thíos |