Baile | Scip. Nasc. | Teagmháil linn | Mapa den suíomh | Rochtain / Cabhair    
   HSE Logo

English | Gaeilge   

Saotharlann an Anailísí Phoiblí

Báile Átha Cliath

Lady with petri dish Man weith test tube Lady with test tube Lady
   
      
Baile > Seirbhís Sláinte Comhshaoil > Treoracha maidir le samplaí bia a thógáil

Treoracha maidir le samplaí bia a thógáil

 

Anailís Cheimiceach

Barr an Leathanaigh

 Tabhair faoi deara na riachtanais seo a leanas maidir le sampláil bia a thógáil i gcomhair anailíse ceimicí:

  1. Féach ar mhír na nótaí den Chlár Samplála um Cheimiceáin i mBia reatha chun eolas a fháil ar na cineálacha samplaí agus na híosmhéid samplála riachtanacha i gcomhair gach paraiméadair.
  2. Ba cheart na samplaí bia, a chuirtear isteach i gcomhair monatóireachta chun comhall le dlíthe bia an AE a chinntiú, a shampláil de réir Rialachán Samplála an AE. Mar shampla, maidir le trom-mhiotail, molann na rialacháin go dtógfaí sampla de 1 kg ar a laghad más féidir.
  3. Má tá roinnt aonaid miondíola de tháirge ag teastáil chun sampla a chur le chéile, déan cinnte go bhfuil na haonaid ar fad ar aon bhaisc-uimhir. Roimh an anailís, cuirtear aonaid uile an tsampla le chéile agus déantar tástáil ar fhoshamplaí. I gcás toradh míshásúil a fháil, ní féidir an bhaisc amhrasach a aithint nuair a tástáladh sampla ilchodach d’aonaid de bhaisceanna éagsúla.
  4. Déan cinnte nach dteimhlíonn lipéid ghreamaitheacha faisnéis mar liosta na gcomhábhar, lipéadú cothúlachta, éilimh srl. ar shamplaí. Má tá an sampla beag agus mura féidir é seo a dhéanamh go praiticiúil, is féidir an sampla a chur i mála plaisteach trédhearcach agus an lipéad a ghreamú air.
  5. Is riachtanais de chuid na creidiúnaithe saotharlainne le “ISO 17025:2005 – General Requirements for the Competence of Testing and Calibration Laboratories [an bhfuil teideal Gaeilge air seo?]” go mbeadh conradh idir an custaiméir agus an tsaotharlann. Is conradh den saghas seo í an fhoirm Aguisín C. Mar gheall air seo, tá sé ríthábhachtach go líonfar an réimse “anailís a theastaíonn” ar an bhfoirm Aguisín C agus go sonraítear na paraiméada(i)r riachtanach(a) de réir an chláir. Ní leor iontrálacha ar nós “ceimiceach” nó “comhshuíomh”.
  6. Ar gach foirm Aguisín C, tabhair ainm agus seoladh na Príomhoifige Sláinte Comhshaoil chuig a gcuirfear an tuairisc.
  7. I gcás nach féidir samplaí sceidealaithe a chur isteach i gcomhair tástála, cuir an teagmháil saotharlainne sonraithe ar an eolas faoi chomh luath agus is féidir, ionas gur féidir na háiseanna saotharlainne a athleithdháileadh ar obair eile.
  8. Tugtar sonraí na dteagmhálacha saotharlainne ar Leathanach 2 den Chlár mar aon leis an Rannóg “Teagmháil” den suíomh idirlín seo. Cuir glaoch ar an duine sonraithe cuí i gcomhair iarratas maidir le paraiméadair tástála nó sampláil. I gcás toradh a cheistiú, ba cheart dul i dteagmháil leis an gCeimiceoir Anailíseach Feidhmeannach atá ainmnithe ar an tuairisc tástála.
  9. Ní mór na samplaí a sheachadadh chuig an tSaotharlann sa chéad choicís de gach tréimhse samplála. Déan cinnte go mbeidh na samplaí uile i gcomhair tástáil ceimice sa tSaotharlann roimh 3 i.n. lá an tseachadta.

 

Tástáil mhicribhitheolaíoch

Barr an Leathanaigh

Samplaí Bia i gcomhair Tástála Micribhitheolaíochta

  1. Ba cheart samplaí bia a gcuisnítear iad de ghnáth a stóráil i gcuisneoir ar an bpointe, agus ba cheart iad a sheoladh chuig an tsaotharlann laistigh de 24 uair.
  2. Aon samplaí, a gcuisnítear iad de ghnáth agus nach féidir iad a sheoladh chuig an tSaotharlann laistigh de 24 uair, ba cheart iad a reo agus a sheoladh chuig an tSaotharlann chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.
  3. Ní mór Foirm Iarratais ar Anailís Saotharlainne chomhlánaithe a bheith le gach sampla.
  4. Ba cheart na samplaí uile a láimhseáil a laghad agus is féidir sula bhfaightear ag an tSaotharlann iad. Is féidir go mbeadh éifeacht ag stair láimhseála agus stórála na samplaí ar na torthaí micribhitheolaíochta.
  5. Tá íosmhéid de 150g de shampla bia ag teastáil don anailís mhicribhitheolaíoch.

 

Stóráil samplaí d’anailís mhicribhitheolaíoch

Barr an Leathanaigh

  1. Ba cheart do bhia reoite a bheith reoite.
  2. Ba cheart bia fuaraithe/cuisnithe a stóráil idir 0ºC agus 5ºC gan iad a reo.
  3. Ní gá bia triomaithe, cannaí neamhshéidte agus bia nach gcuisnítear iad de ghnáth a fhuarú, ach ba cheart iad a stóráil agus a iompar ag teocht níos ísle ná 20ºC.
Custom Search
   
  Site Designed & Developed by HSE
  eServices Department