-
Ba cheart an tSaotharlann uisce a chur in áirithe do shamplaí sula ndéantar iad a chur isteach, agus ní ghlactar le samplaí ach ar an Luan/Máirt.
- Ní mór samplaí a chur isteach chuig an tsaotharlann roimh 1.30 i.n.
- Ní ghlacfar ach le buidéil samplála a sholáthraíonn an tsaotharlann nó an tOifigeach Comhshaoil Áitiúil.
- Níor cheart go mbeadh samplaí níos sine ná 6 uair an chloig. Is féidir eisceacht a dhéanamh i gcomhair samplaí ó áiteanna atá i bhfad ón tsaotharlann. Ba cheart é seo a phlé leis an tsaotharlann.
- Ní mór samplaí a stóráil agus a iompar in áit fhuaraithe (gan a bheith reoite) agus gan iad a bheith faoi sholas díreach na gréine.
An sampla a thógáil
Réamhchúraimí
Barr an leathanaigh
Buidéal micribhitheolaíoch (500 ml)
- Ná sruthlaítear.
- Ná teagmhaítear barr an bhuidéil nó taobh istigh den chaipín le haon dromchla eile.
- Ná hosclaítear an buidéal go dtí díreach sula ndéantar é a líonadh.
Buidéal ceimiceach (2.5 lítear)
- Sruthlaítear an buidéal leis an uisce atá le tástáil díreach sula ndéantar é a líonadh.
Samplaí Uisce a thógáil ó sconna nó ó chaidéal
Barr an leathanaigh
- Ba cheart go mbeadh an sconna glan, saor ó fheisteas agus i ndea-chaoi.
- Glan taobh istigh agus taobh amuigh den sconna le maipín glan taisithe le sreabhán sláintíochta.
- Déan an t-uisce a rith ag ráta socair ar feadh 2-3 nóiméid gan é a chur sa bhuidéal.
- Líon gach buidéal go thart air 2-3 cm ón mbarr.
- Déan an caipín a chur agus a theannadh ar an mbuidéal ar an bpointe.
Samplaí a thógáil ó shruthán, ó abhainn nó ó thobar
Barr an leathanaigh
Bain an caipín den bhuidéal agus coinnigh i lámh amháin é.
- Le bun an bhuidéil sa lámh eile, déan an muineál a thumadh síos faoin uachtar go doimhneacht de thart ar 30 cm.
- Déan an buidéal a chlaonadh ionas go ndíríonn an muineál anuas de bheagán, agus déan é a líonadh go hiomlán.
- Tóg an buidéal as an uisce agus cuir an caipín air ar an toirt.
Tá sonraí maidir le samplaí a thógáil agus a sheoladh chuig an tsaotharlann ar fáil ar an bhFoirm Iarratais Uisce. Tugtar mionsonraí maidir le samplaí uisce a thógáil ar an dara leathanach den Fhoirm Iarratais ar Anailís Uisce faoi mhíreanna “Treoracha maidir le Samplaí Uisce a thógáil i gcomhair Anailíse” agus “An Sampla a Thógáil”. |